Fotheidealú

Is é seo an léiriú téacsúil de theanga labhartha i bhfíseán, ar shlí a éascaíonn léiríú an téacs ar an scáileán. D'fhéadfadh 'spotáil' a bheith san áireamh leis an tseirbhís, i.e. sioncrónú na bhfotheideal agus an fhiseáin. Féadfar fotheidil a chur ar fáil i dteanga fhoinseach an fhíseáin amháin, nó i dteanga amháin eile nó i dteangacha éagsúla, mar aon le cóid ama a léiríonn cén t-am go díreach ar cheart fotheideal a chur ar taispeáint agus cé chomh fada ar chóir é a bheith le feiceáil ar an scáileán.