Cuireann an Roinn Airgeadais agus Saoráidí tacaíocht riaracháin agus theicniúil ar fáil i réimsí an bhuiséid, an airgeadais, na pleanála straitéisí, na saoráidí agus na slándála.

An Rannóg Airgeadais agus Pleanála Straitéisí

Cinntíonn an Rannóg Airgeadais agus Pleanála Straitéisí go bhfeidhmíonn bainistíocht airgeadais, feidhmíocht, pleanáil agus oibríochtaí straitéiseacha an Ionaid i gceart agus go gcomhlíonann siad na rialacha agus na rialacháin uile is infheidhme. Déanann sé ullmhúchán agus iarchúram ar bhuiséad an Ionaid a chomhordú agus bíonn siad i ndlúth-theagmháil le cliaint an Ionaid ar bhonn rialta chun go bhféadfaí a réamhaisnéis buiséid a chur i gcuntas i mbuiséad ioncaim an Ionaid. Tá an Rannóg i gceannas ar fhíorú ex-ante agus ex-post ar idirbhearta airgeadais an Ionaid. Ullmhaíonn an Rannóg Clár Straitéise Ilbhliantúil agus Clár Oibre Ilbhliantúil an Ionaid agus cuireann sí na cláir sin i bhfeidhm agus déanann sí ullmhú na Tuarascála Gníomhaíochta Bliantúla a chomhordú. Cinntíonn sí go ndéantar bainistiú ar na samhlacha costais, ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht an Ionaid.

An Rannóg Saoráidí agus Slándála

Cinntíonn an Rannóg Saoráidí agus Slándála go mbíonn cosaint shásúil ann d’fhoireann, do shonraí, d’fhoirgnimh agus do threalamh an Ionaid i gcoinne rioscaí slándála agus go gcomhlíontar ina n-iomláine na rialacha sláinte agus sábháilteachta. Déanann an Rannóg maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a bhainistiú agus tacaíonn sí le riachtanais agus le hiarrataí na foirne agus cuidíonn sí leo agus é mar sprioc dheiridh acu na caighdeáin folláine agus seirbhíse is fearr a bhaint amach in áitreabh an Ionaid. Tá an Rannóg freagrach as an buiséad a ullmhú agus as faireachán a dhéanamh ar na nósanna imeachta buiséadacha do gach conradh bonneagair agus slándála. Chun teagmhas neamhchoitianta ina dtarlaíonn mórshuaitheadh ar oibríochtaí an Ionaid a chosc agus a mhaolú, déanann an Rannóg Saoráidí agus Slándála an córas bainistíochta leanúnachais gnó a chomhordú. Aithníonn an tIonad a thábhachtaí atá bainistiú réamhghníomhach timpeallachta agus cleachtais inbhuanaithe, agus ar fud na Rannóige tá bearta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol á gcur chun feidhme agus á gcur chun cinn aici agus feasacht na foirne ar shaincheisteanna gaolmhara á n-ardú ag an am céanna.