In 1994 a bunaíodh an tIonad Aistriúcháin, agus i láthair na huaire, cuireann sé 750 000 leathanach ar an meán ar fáil gach bliain do 60 cliant ar fud na hEorpa. D’fhás an tIonad de réir a chéile, de réir mar a mhéadaigh líon na dteangacha oifigiúla agus líon na gcliant an-speisialaithe. I gcaitheamh na mblianta, tá taithí faighte ag an Ionad Aistriúcháin ar an gcaoi ar féidir freastal ar riachtanais a gcliant, cibé acu an mbaineann na riachtanais sin le formáidí comhad, spriocanna ama, réimsí saineolais an chliaint nó an líon mór péirí teangacha a theastaíonn (thart ar 750).

Ar 28 Samhain 1994, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh 2965/94 lenar bunaíodh an tIonad Aistriúcháin.
theanga oifigiúla AE
leathanach aistrithe
gcliant
Glacadh Rialachán Leasaithe i 1995 chun líon na gcliant a leathnú agus ról a thabhairt don Ionad sa chomhar idirinstitiúideach.
Cuireann an tIonad tús leis na chéad trádmharcanna Comhphobail a aistriú don Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (OHIM).

D’fhág an tIonad na hoifigí a bhí aige i lár chathair Lucsamburg agus d'aistrigh sé chuig an Hémicycle nua in Kirchberg, Lucsamburg, an ceantar ina bhfuil an chuid is mó de na hinstitiúidí AE lonnaithe.
leathanach aistrithe
chliant

Cuirtear Flosys i bhfeidhm. Is uirlis TF úrscothach é Flosys a forbraíodh laistigh den Ionad Aistriúcháin agus a láimhseálann sreabhadh oibre iomlán an aistriúcháin ón uair a sheolann an cliant doiciméad chuig an Ionad go dtí go seoltar ar ais leaganacha aistrithe an doiciméid sin.
Lainseálann an tIonad Nemo chun an próiseas aistriúcháin trádmharcanna Comhphobail a bhainistiú.
leathanach aistrithe

Aithníonn an Fhondúireacht Eorpach um Bainistíocht Cáilíochta (EFQM) go bhfuil an tIonad ‘tiomnaithe d’ardchaighdeán san Eoraip’.

Ceaptar an tIonad mar thionscnóir tionscadail agus bainisteoir tionscadail do IATE (Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip), an bunachar sonraí téarmaíochta do gach institiúid/comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.
teanga oifigiúla AE
Leis an méadú mór ar an AE in 2004, ba bheag nach dtagann dúbailt ar líon na dteangacha AE, ó 11 go 20, agus cuireadh tús le ré nua don Ionad.
Eagraíonn an tIonad comhdháil dar teideal ‘Ilteangachas ar chostas ar bith’ chun comóradh a dhéanamh ar an Ionad a bheith deich mbliana ar an bhfód.
theanga oifigiúla AE
Cuireann an tIonad Aistriúcháin teangacha eile AE lena chuid teangacha nuair a théann an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san AE agus nuair a thugtar stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil AE, cé go bhfuil maolú i bhfeidhm.
Cuirtear IATE, bunachar sonraí téarmaíochta idirinstitiúideach an AE, ar fáil don phobal i gcoitinne.

Eagraíonn an tIonad comhdháil dar teideal ‘Teanga na hEorpa. Ag aistriú don AE’, mar chomóradh ar chúig bliana déag an Ionaid.
Tugann an tIonad Tr@Mark isteach in ionad Nemo chun bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas aistriúcháin ar thrádmharcanna Comhphobail.
Seolann an tIonad ECHA-term, ar bunachar sonraí téarmaíochta ilteangach a forbraíodh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.
leathanach aistrithe
theanga oifigiúla AE, lena n-áirítear anois an Chróitis

Aistríonn an tIonad chuig an áitreabh reatha i bhfoirgneamh Drosbach i gcathair Lucsamburg agus sínítear an comhaontú ceannárais le hArd-Diúcacht Lucsamburg.
leathanach aistrithe
chliant
chliant

Seolann an tIonad eCdT, sreabhadh oibre nua chun aistriúcháin a bhainistiú, rud a thagann in ionad an tseanchórais, Flosys.