Cuireann an Roinn Airgeadais agus Saoráidí (FIFA) tacaíocht riaracháin agus theicniúil ar fáil i réimsí an bhuiséid, an airgeadais, na pleanála straitéisí, na saoráidí agus na slándála.
An Rannóg Airgeadais agus Pleanála Straitéisí
Áirithíonn an Rannóg Airgeadais agus Pleanála Straitéisí go bhfeidhmíonn bainistíocht airgeadais, feidhmíocht, pleanáil agus oibríochtaí straitéiseacha an Ionaid i gceart agus go gcomhlíonann siad na rialacha agus na rialacháin uile is infheidhme. Déanann sí ullmhúchán agus iarchúram ar bhuiséad an Ionaid a chomhordú agus bíonn sí i ndlúth-theagmháil le cliaint an Ionaid chun a gcuid réamhaisnéisí buiséid a chur san áireamh i mbuiséad ioncaim an Ionaid.
Tá an rannóg i gceannas ar idirbhearta airgeadais an Ionaid a fhíorú, agus bainistíonn sí samhlacha costais, cáilíocht agus feidhmíocht an Ionaid. Ullmhaíonn sí freisin Clár Straitéise Ilbhliantúil agus Clár Oibre Ilbhliantúil an Ionaid agus cuireann sí na cláir sin i bhfeidhm, agus comhordaíonn sí ullmhú na Tuarascála Gníomhaíochta Bliantúla.
Tá an Oifig Bainistithe Tionscadal (PMO) ina cuid den Rannóg Airgeadais agus Pleanála Straitéisí freisin. Is é an ról atá aici tionscadail straitéiseacha a chomhordú ar fud ranna éagsúla agus rannóg éagsúil an Ionaid, agus ar an gcaoi sin áirithítear go gcuirtear réitigh ghnó éifeachtacha chun feidhme ar bhealach rathúil agus inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm aici seirbhísí a fheabhsú agus a bharrfheabhsú do chliaint agus don fhoireann araon i gcomhréir le spriocanna ainmnithe airgeadais agus pleanála straitéisí an Ionaid.
An Rannóg Saoráidí agus Slándála
Áirithíonn an Rannóg Saoráidí agus Slándála (FACSEC) go mbíonn cosaint shásúil ann d’fhoireann, do shonraí, d’fhoirgnimh agus do threalamh an Ionaid i gcoinne rioscaí slándála agus go gcomhlíontar ina n-iomláine na rialacha sláinte agus sábháilteachta. Déanann an rannóg bainistiú ar mhaoin shochorraithe agus ar mhaoin dhochorraithe agus tacaíonn sí le riachtanais agus le hiarratais na foirne agus cuidíonn sí leo, agus é mar sprioc dheiridh acu na caighdeáin is fearr folláine agus seirbhíse a bhaint amach in áitreabh an Ionaid.
Ullmhaíonn an Rannóg Saoráidí agus Slándála an buiséad agus déanann sí monatóireacht ar nósanna imeachta buiséid a bhaineann le bonneagar agus le conarthaí slándála. Comhordaíonn sí an córas bainistíochta um leanúnachas gnó chun teagmhas neamhchoitianta de chur isteach mór ar oibríochtaí an Ionaid a chosc agus a mhaolú.
Aithníonn an tIonad a thábhachtaí atá bainistiú réamhghníomhach comhshaoil agus cleachtais inbhuanaithe, agus cuireann an rannóg bearta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun feidhme agus chun cinn, agus ardaíonn sí feasacht na foirne ar shaincheisteanna gaolmhara ag an am céanna.