TIOMANTA DON ILTEANGACHAS LE 30 BLIAIN ANUAS
|
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Bunaíodh an tIonad i Lucsamburg in 1994, agus is é an príomh-mhisean atá aige seirbhísí aistriúcháin agus teanga a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí díláraithe eile an Aontais. Ina theannta sin, cuidíonn sé ó am go chéile le hinstitiúidí agus le comhlachtaí den Aontas a bhfuil a seirbhísí aistriúcháin féin acu le linn tréimhsí de bhuaic-ualaí oibre nó le haghaidh tionscadail ar leith. Tá thart ar 200 ball foirne fostaithe ann faoi láthair, ina measc oifigigh, gníomhairí sealadacha agus baill foirne ar conradh. Tá fás seasta tagtha air ó bunaíodh é, agus san am céanna tá méadú tagtha ar líon na dteangacha oifigiúla an Aontais ina gcuireann sé a seirbhísí ar fáil, agus ar líon na gcliant an-speisialaithe atá aige. Tá taithí nach beag faighte ag an Ionad ar fhreastal ar riachtanais shonracha a chliant – bíodh sí sin bainteach leis an gcineál seirbhíse, leis an bhformáid chomhaid, leis an spriocdháta, leis an réimse saineolais nó le raon leathan de phéirí teanga. Sa lá atá inniu ann, cuireann an tIonad réimse leathan seirbhísí teanga ar fáil – rud lena bhfreastalaítear ar riachtanais éagsúla a chomhpháirtithe iomadúla. Féach liosta iomlán ár gcomhpháirtithe. Is é dara misean an Ionaid páirt a ghlacadh i gcomhar idirinstitiúideach ar leibhéal an Aontais d’fhonn modhanna oibre a chuíchóiriú agus barainneachtaí scála a bhaint amach. Mar shampla, ó 2003 i leith, tá bunachar sonraí téarmaíochta idirinstitiúideach IATE á fhorbairt agus á bhainistiú ag an Ionad Aistriúcháin thar ceann a chomhpháirtithe institiúideacha. |
|
|
1994
|
|
|
Image
An 28 Samhain 1994, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 lenar bunaíodh an tIonad Aistriúcháin. |
|
|
1995
|
|
|
An chéad Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Edouard Brackeniers
Deireadh Fómhair 1995 – Nollaig 1996
Glacadh Rialachán Leasaitheach in 1995 chun an phunann cliant a leathnú agus chun ról sa chomhar idirinstitiúideach a thabhairt don Ionad.
|
Céad Stiúrthóir an Ionaid
Francisco de Vicente
Deireadh Fómhair 1995 – Eanáir 2005
11 theanga oifigiúla an Aontais 20 000 leathanach aistrithe 7 gcliaint |
|
1997
|
|
|
An dara Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Colette Flesch
Eanáir 1997 – Meitheamh 1999
|
D’fhág an tIonad na hoifigí a bhí aige i lár chathair Lucsamburg agus bhog sé go dtí an Hémicycle nua in Kirchberg, Lucsamburg, arb é an ceantar den chathair é ina bhfuil an chuid is mó de na hinstitiúidí de chuid an Aontais lonnaithe.
|
|
1998
|
|
|
200 000 leathanach aistrithe 12 chliaint |
|
|
1999
|
|
|
An tríú Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Brian McCluskey
Iúil 1999 – Meitheamh 2002
|
|
|
2001
|
|
|
Cuireadh Flosys i bhfeidhm, ar uirlis TF cheannródaíoch í a forbraíodh go hinmheánach, chun an sreabhadh oibre aistriúcháin ina iomláine a láimhseáil; ón uair a sheolann an cliant doiciméad chuig an Ionad go dtí go seoltar leagan nó leaganacha aistrithe den doiciméad ar ais chucu.
Sheol an tIonad an uirlis ‘Nemo’ chun próiseas aistriúcháin trádmharcanna an Chomhphobail a bhainistiú.
|
|
|
2002
|
|
|
An ceathrú Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Michel Vanden Abeele
Iúil 2002 – Meitheamh 2003
|
1 000 000 leathanach aistrithe |
|
2003
|
|
|
D’aithin an Fhondúireacht Eorpach um Bainistíocht Cáilíochta (EFQM) go bhfuil an tIonad ‘tiomnaithe don bharrfheabhas san Eoraip.’
Ceapadh an tIonad ina thionscnóir tionscadail agus ina bhainisteoir tionscadail do IATE (Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip), an comhbhunachar sonraí téarmaíochta d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais.
|
|
|
2004
|
|
|
An cúigiú Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Karl-Johan (Juhani) Lönnroth
Eanáir 2004 – Aibreán 2010
|
20 teanga oifigiúil an Aontais |
|
Leis an méadú mór ar an Aontas in 2004, ba bheag nár tháinig dúbailt ar líon na dteangacha de chuid an Aontais, ó 11 go 20 – rud arbh ionann le tús le ré nua don Ionad é.
|
|
2005
|
|
|
D’eagraigh an tIonad comhdháil dar teideal ‘Multilingualism at any price’ [Ilteangachas ar ais nó ar éigean] chun comóradh a dhéanamh ar an Ionad a bheith 10 mbliana ar an bhfód.
|
Stiúrthóir Gníomhach
Marie-Anne Fernández Suárez
Eanáir 2005 – Aibreán 2006
|
|
2006
|
|
|
Dara Stiúrthóir an Ionaid
Gailė Dagilienė
Bealtaine 2006 – Deireadh Fómhair 2013
|
|
|
2007
|
|
|
Chuir an tIonad roinnt teangacha eile de chuid an Aontais lena phunann teangacha nuair a chuaigh an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas, agus nuair a tugadh stádas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil an Aontais – d’ainneoin go raibh maolú i bhfeidhm.
Cuireadh IATE, bunachar sonraí téarmaíochta idirinstitiúideach an Aontais, ar fáil don phobal i gcoitinne.
Thug Leonard Orban, an Coimisinéir Eorpach um Ilteangachas, cuairt ar an Ionad.
|
23 theanga oifigiúla an Aontais |
|
2010
|
|
|
D’eagraigh an tIonad comhdháil dar teideal ‘Teanga na hEorpa: Ag aistriú don Aontas’ chun 15 bliana a bhunaithe a chomóradh.
Thug an tIonad Tr@Mark isteach in ionad Nemo chun bainistíocht a dhéanamh ar an bpróiseas aistriúcháin ar thrádmharcanna an Chomhphobail.
|
|
|
2011
|
|
|
Sheol an tIonad ECHA-term, ar bunachar sonraí téarmaíochta ilteangach é a forbraíodh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán.
|
An séú Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Rytis Martikonis
Feabhra 2011 – Feabhra 2022
|
|
2013
|
|
|
8 000 000 leathanach aistrithe 24 theanga oifigiúla an Aontais, |
Stiúrthóir Gníomhach
Marie-Anne Fernández Suárez
Deireadh Fómhair 2013 – Iúil 2015
Bhog an tIonad chuig a áitreabh reatha i bhfoirgneamh Drosbach i gcathair Lucsamburg, agus síníodh comhaontú ceannárais le hArd-Diúcacht Lucsamburg.
|
|
2016
|
|
|
Tríú Stiúrthóir an Ionaid
Máire Killoran
Eanáir 2016 – Nollaig 2018
Sheol an tIonad eCdT, an córas nua oiriúnaithe um bainistiú sreafa oibre aistriúcháin, a tháinig in ionad an chórais leagáide, Flosys.
|
|
|
2017
|
|
|
Rinneadh staidéar ar an Ionad Aistriúcháin mar Sholáthraí Seirbhíse Comhroinnte Teanga do Ghníomhaireachtaí agus do Chomhlachtaí an Aontais. Leis an staidéar deimhníodh raison d’être an Ionaid.
|
|
|
2018
|
|
|
65 chliant |
Seoladh leagan úrnua de IATE
Glacadh le cur chuige straitéiseach agus le Plean Claochlaithe débhliantúil
Chomhaontaigh an tIonad clár comhair dhá bhliain chun seirbhísí teanga nua a fhorbairt agus próisis lárnacha gnó a bharrfheabhsú i dteannta le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) d’fhonn éifeachtúlacht a bhaint amach agus an t‑eispéireas custaiméara a fheabhsú.
|
|
2019
|
|
|
12 800 000 leathanach aistrithe 68 gcliant |
Stiúrthóir Gníomhach
Benoît Vitale
Eanáir 2019 – Eanáir 2022
Chuir an tIonad tús le cur i bhfeidhm a Phlean Claochlaithe dhébhliantúil
|
|
2020
|
|
|
Thug an tIonad cur i bhfeidhm a Phlean Claochlaithe chun críche ach seirbhísí, próisis agus uirlisí nua a sheoladh.
|
13 400 000 leathanach aistrithe 69 gcliant |
|
2021
|
|
|
Sheol an tIonad sraith iomlán seirbhísí nua, ina measc aistriúchán uathoibríoch, meaisínaistriúchán saincheaptha, trascríobh uathoibríoch, aistriúchán ‘paste ‘n’ go’ agus iar-eagarthóireacht éadrom.
|
|
|
2022
|
|
|
An seachtú Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta
Christos Ellinides
Márta 2022 – go dtí seo
|
Ceathrú Stiúrthóir an Ionaid
Ildikó Horváth
Feabhra 2022-2026
70 cliaint |
|
2023
|
|
|
73 chliaint |
Sheol an tIonad a straitéis uathúil meaisínaistriúcháin il-innill (MEMT).
|
|
2024
|
|
| An tIonad Aistriúcháin: Saineolas daonna cumhachtaithe ag an intleacht shaorga |
76 chliaint |
|
2025
|
|
|
Image
Tiomanta don ilteangachas le 30 bliain anuas
|
77 gcliaint |
|
2026
|
|
|
Stiúrthóir Gníomhach
Mauro Bubnic
Eanáir 2026 – go dtí seo
|
|